← Nuair a bhíonn fáinne timpeall na gealaí, bíonn báisteach le teacht agus nuair a bhíonn sí ina suí ar a tóin, is comhartha é go bhfuil drochaimsir air. 🔊
← Nuair a bhíonn gathanna fada ón ghrian bíonn báisteach air. 🔊
← Nuair a bhíonn na réaltógaí ag preabaidh ins an spéir is comhartha é sin go bhfuil drochaimsir air. 🔊
← Nuair a bhíonn cúr ag imeacht ar an bhfarraige is comhartha é go bhfuil farraigí móra le teacht, agus nuair a bhíonn go leor sruthanna le feiceál sa bhfarraige bíonn báisteach air. 🔊
← Nuair a bhíonn an ghaoth ó dheas, bíonn báisteach air, agus nuair a bhíonn sí ó thuaidh agus thoir bíonn triomach agus fuacht air. 🔊
← Nuair a bhíonn an ghaoth thiar nó siar ó dheas, bíonn stoirm agus múranna báistí air. 🔊
← Má bhíonn an spéir thiar dearg tráthnóna bíonn aimsir bhreá air agus má bhíonn an spéir thoir dearg tráthnóna, bíonn báisteach air. 🔊
← Má bhíonn néalta bána sa spéir, bíonn báisteach air. 🔊
← Má bhíonn éanlaithe ag eiteall go h-ard sa spéir, is comhartha é go bhfuil aimsir bhreá air. 🔊
← Má bhíonn lachainn ag eiteall agus ag craitheadh a gcuid sciathán, is comhartha é go bhfuil báisteach air. 🔊
← Nuair a bhíonn mada ag ithe féir, bíonn báisteach air freisin. 🔊
← Nuair a thugann cat a dhruim don tine, bíonn droch uair air. 🔊
← Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag dul faoi, bíonn aimsir bhreá air. 🔊